Cuntais Leithreasa 2020
Soláthraíonn Dáil Éireann airgid do ghnáthsheirbhísí na ranna agus na noifigí Rialtais. Foráiltear don chaiteachas faoi ‘Vótaí’ le ceann nó níos mó ag clúdach feidhmeanna gach roinne nó oifige. Ag deireadh gach bliana airgeadais, ceanglaítear ar gach roinn nó oifig cuntas ar a dtugtar an cuntas leithreasa a ullmhú do gach seirbhís vótáilte a riarann sí. Is é an ceanglas reachtúil atá ann ná go soláthróidh an cuntas leithreasa sonraí ar aschur na bliana i gcoinne an mhéid a sholáthraíonn Dáil Éireann, bunaithe ar mhéideanna airgid thirim íocaíochtaí agus admhálacha.
Déanann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste iniúchadh ar na cuntais leithreasa a ullmhaíonn na ranna agus oifigí don bhliain airgeadais roimhe. Tar éis an t-iniúchadh a chur i gcrích, bíonn de cheangal air deimhniú a cheangal le gach cuntas, ina sonraítear cibé acu, ina thuairim, an léirítear go cuí sa chuntas na fáltais agus an caiteachas a bhain leis an Vóta atá i gceist, agus aon chás ábhartha a chur ar aghaidh inar loic
- roinn nó oifig an caiteachas a taifeadadh sa chuntas a chur chun na gcríoch a raibh na leithreasaí beartaithe dóibh ag an Oireachtas, nó
- aon chás nár chloígh na hidirbhearta a taifeadadh sa chuntas leis an údarú faoina raibh sé maíte iad a bheith curtha i gcrích.
Tarraingíonn sé aird ar aon chás ábhartha ina dtugtar míthreoir sa ráiteas a ullmhaíonn an tOifigeach Cuntasaíochta i ndáil le rialú inmheánach airgeadais, nó ina bhfuil a leithéid de ráiteas neamh-chomhsheasmhach le faisnéis eile a bhfuil an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar an eolas faoi ó iniúchadh a dhéanamh ar na cuntais leithreasa.
Tá Cuntais aonair ar fáil thíos:
Réamhrá
Ráiteas faoi pholasaithe agus faoi phrionsabail chuntasaíochta
Vóta 1 Teaghlachas an Uachtaráin
Vóta 2 Roinn an Taoisigh
Vóta 3 Oifig an Ard-Aighne
Vóta 4 An Phríomh-Oifig Staidrimh
Vóta 5 Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí
Vóta 6 Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit
Vóta 7 Oifig an Aire Airgeadais
Vóta 8 Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste
Vóta 9 Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim
Vóta 10 An Coimisiún um Achomhairc Chánach
Vóta 11 Oifig an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
Vóta 12 Aoisliúntas agus Liúntas Scoir
Vóta 13 Oifig na nOibreacha Poiblí
Vóta 14 An tSaotharlann Stáit
Vóta 15 Rúnseirbhís
Vóta 16 An Oifig Luachála
Vóta 17 An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí
Vóta 18 An Oifig Náisiúnta um Sheirbhísí Comhroinnte
Vóta 19 Oifig an Ombudsman
Vóta 20 Garda Síochána
Vóta 21 Príosúin
Vóta 22 An tSeirbhís Chúirteanna
Vóta 23 An tÚdarás Clárúcháin Maoine
Vóta 24 Dlí agus Ceart
Vóta 25 Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas
Vóta 26 Oideachas
Vóta 27 Comhar Idirnáisiúnta
Vóta 28 Gnóthaí Eachtracha
Vóta 29 Comhshaol, Aeráid agus Cumarsáid
Vóta 30 Talmhaíocht, Bia agus Mara
Vóta 31 Iompar
Vóta 32 Fiontar, Trádáil agus Fostaíocht
Vóta 33 Turasóireacht, Cultúr, Ealaíona, Gaeltacht, Spórt agus Meáin
Vóta 34 Tithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht
Vóta 35 Arm-Phinsin
Vóta 36 Cosaint
Vóta 37 Coimirce Shóisialach
Vóta 38 Sláinte
Vóta 39 An Oifig um Sholáthar Rialtais
Vóta 40 Leanaí, Comhionannas, Míchumas, Lánpháirtíocht agus Óige
Vóta 41 An tÚdarás Póilíneachta
Vóta 42 Forbairt Tuaithe agus Pobail
Vóta 43 Oifig Phríomhoifigeach Faisnéise an Rialtais
Vóta 44 An Coimisiún um Chosaint Sonraí
Vóta 45 Breisoideachas agus Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht